Seachtain na Gaeilge 2025
An tseachtain seo, bhí Seachtain na Gaeilge againn ar scoil. Deis iontach chun ár gcultúr a cheiliúradh, ár dteanga a chleachtadh, agus spraoi a bheith againn! Rinne gach duine iarracht mhór Gaeilge a labhairt lena chéile, agus bhí go leor deiseanna chun duaiseanna beaga a bhuachan ar an mbealach! Agus, bhí comórtas ealaíne againn freisin!
Chríochnaigh ár gceiliúradh le Lá Glas, a bhí againn ar an Déardaoin. Ghléasamar go léir in éadaí glasa agus bhaineamar taitneamh as tráth na gceist, céilí, agus chanamar amhráin thraidisiúnta Ghaeilge freisin. Bhí cuairteoir speisialta againn ar an lá, Muireann, a sheinn an cláirseach agus a bhí ag rince dúinn. Lá iontach chun críoch a chur leis an gceiliúradh agus muid ag tnúth le Lá Fhéile Pádraig!
Míle buíochas le Mrs McDonnell a d'eagraigh gach rud, agus leis an bhfoireann agus na páistí go léir a ghlac páirt, go fonnmhar, agus a bhain taitneamh as gach nóiméad!
Más bhfuil an t-am agat, amharc ar na grianghraif ó ár Seachtain na Gaeilge!
St. John's National School, Ballisodare, Co. Sligo | Phone: 071 91 67639